Clár Reachtaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Company: Raidió Teilifís Éireann
Location: Moycullen, Co Galway, Éire
Salary: €53057 - 83091 per year
Employment Type: Iomlán-Aimseartha
Job Description
Clár Reachtaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Location: Moycullen, Co Galway, Éire
Company: Raidió Teilifís Éireann
Salary: €53057 – 83091 per year
Date: 2024-09-21
Teideal an Gnímh: Clár Reachtaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuideachta: Raidió Teilifís Éireann
Cur Síos ar an Gním
Job DetailsClár Reachtaire, RTÉ Raidió na GaeltachtaTá folúntais do dhá Chlár Reachtaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla i gCo. na Gaillimhe. Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo. Tá muid ag lorg craoltóirí chun oibriú leis an tseirbhís nuachta agus cúrsaí reatha agus ar chláracha eile. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bhíonn ar an gClár Reachtaire, bíonn:
- Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
- Obair iriseoireachta agus tuairisceoireachta
- Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh
- Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta
Tá muid ag lorg daoine a bhfuil an méid seo ag baint leo:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt acu
- Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta acu
- Tuiscint faoi leith acu ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus atá in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
- Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.Is postanna lánaimseartha ar bhonn chonartha ar fheidhm sheasta ar feadh tréimshe tosaigh sé mhí atá i gceist le scála tuarastail €53,057 – €83,091 comhlán in aghaidh na bliana.Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leat a bheith i do Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Céadaoin, an 2ra lá Deireadh Fómhair 2024, ag a 5i.n.Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.