Comhfhreagraí Polaitíochta, Nuacht RTÉ/TG4

Empresa: Raidió Teilifís Éireann

Ubicación: Dublin, Éire

Salario: €70070 - 95521 per year

Tipo de empleo: Iomlán-Aimseartha

Descripción del empleo

Comhfhreagraí Polaitíochta, Nuacht RTÉ/TG4

Location: Dublin, Éire

Company: Raidió Teilifís Éireann

Salary: €70070 – 95521 per year

Date: 2025-01-24

Teideal an Gnímh: Comhfhreagraí Polaitíochta, Nuacht RTÉ/TG4

Cuideachta: Raidió Teilifís Éireann

Cur Síos ar an Gním

Job DetailsIs é RTÉ eagras náisiúnta mheán seirbhíse poiblí na hÉireann. Tá RTÉ i gceann ar na meáin in Éirinn agus cuireann seirbhísí ilmheán saorchraolta, cuimsitheacha agus cost-éifeachtúla ar fáil do phobal na hÉireann agus do lucht faire go hidirnáisiúnta.Tá folúntas do phost mar Chomhfhreagraí Polaitíochta, Nuacht RTÉ/TG4 ag Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ a líonfar ar bhonn chonradh bliana ar fheidhm sheasta(clúdach saoire).Tuairiscíonn an Comhfhreagraí Polaitíochta don Eagarthóir Bainistíochta, Nuacht ach oibríonn an té sin freisin mar chuid den Aonad Polaitíochta faoin Eagarthóir, Tuairisciú Polaitíochta.Ba chóir d’iarrthóirí a bheith ina n-iriseoirí ilmheán a bhfuil roinnt mhaith blianta taithí acu ar thimpeallacht nuachta/cúrsaí reatha. I measc phríomhriachtanais an róil seo, tá an cumas cinntí stuama eagarthóireachta a dhéanamh agus mionanailís a chur ar fáil do chláir Ar Líne, Teilifíse, Raidió, Nuacht agus Cúrsaí Reatha chomh maith le hardáin aschuir eile.Beifear ag súil go mbeidh an Comhfhreagraí Polaitíochta ábalta ábhar a chur ar fáil agus tuairisciú go muiníneach agus go soiléir ar gach ábhar a bhaineann le cúrsaí polaitíochta.Chomh maith leis na príomhdhualgais i dtaobh ábhar a chur ar fáil do Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4, beifear ag súil go gcuirfidh an Comhfhreagraí Polaitíochta ábhar ar fáil do RTÉ Radio One, RTÉ Raidió na Gaeltachta, do Raidió, Teilifís, agus ardáin dhigiteacha eile RTÉ i mBéarla agus i nGaeilge araon.Beidh scileanna maithe ó thaobh obair foirne ag an iarratasóir inmhianta chomh maith le scileanna an-mhaith idirphearsanta agus cumarsáide. Beidh an t-iarratasóir cuí ábalta teicneolaíocht an tseomra nuachta a úsáid.Ní mór Gaeilge ar ardchaighdeán a bheith ag iarratasóirí, idir scríobh agus labhairt na teanga.Is post lánaimseartha ar bhonn chonartha ar fheidhm sheasta é seo é seo. Is scála tuarastail €70,070 to €95,521 sa bhliain atá ag gabháil leis an bpost seo.Iarrtar ar iarratasóirí litir iarratais chomh maith le Curriculum Vitae a chur ar aghaidh (bídís iata in aon cháipéis amháin).Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas Dé Máirt 4ú Feabhra 2025.Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.Fostóir comhionannais deiseanna é RTÉ agus déantar iarratais cháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine ná eitneacht, éagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná a bheith ar dhuine den Lucht Siúil.

Salar Beartaithe: €70070 – 95521 per year

Suíomh: Dublin

Dáta na Gníomhaíochta: Wed, 22 Jan 2025 02:39:43 GMT

Apply Now

Inicio Reels Panel Cuenta Buscar